School: Dún-dá-radharc (roll number 15009)
- Location:
- Dún Dea-radhairc, Co. Chorcaí
- Teacher: Siobhán, Bean Uí Shéaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)go breágh mar áit cun cno do roinnt - go mbeadh sé an chiúin. In-áirde leis an mála ar an bhfalla is do léimeadar isteach. Bí poll beag ins an mhála agus na cnoíthe - dhá ceann díobh leis an bhfalla síor lasmuigh. "Fágaimis reidhteach íad so go mbeidh an mála féin roinnte". Bhí sin go maith is siúd sa roinnt íad "Tóg é seo arsa Seamus. "Tóg é seo" arsa Seán. "Is tog é seo" arsa Seamus. "Tog é seo" arsa Seán. Mar sin do bí an chainnt acha na focail céadhna acha i gcomhnuidhe, "Tóg é seo! is tog é seo! Tóg é seo! is tog é seo"
Sa deire tháinig bean an treo is chualaidh sí na glóir. "Tóg é seo, is tog é seo". Buail fhaitchíos is scannradh a croidhe is dhein sí scúird an bóthar síos gur bhuail sí suas le fear.
"In ainm Dé, a Mhichil, ar sise ma tá ciall agat ná h-imthigh suas a thuille, mar tá Dia agus an Diabhal ag roinnt na n-anamnacha ar a ndícheall ins an reilg thuas.
"Ac! cuir uait i n-ainm an diabhail, is biodh ciall agat. Síad na speabhraoidí atá ort. Seo leat go bhfeiceam." Agus cun sgéal fada do dhéanamh gairid chuadar le chéile suas an cnoch is shuidheadar(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Chonchubhair
- Gender
- Female
- Address
- Droichead na Toinne, Co. Chorcaí
- Informant
- Eibhlín Bean Uí Laoghaire
- Gender
- Female
- Age
- 95
- Address
- Droichead na Toinne, Co. Chorcaí