School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)

Location:
Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
Teacher:
Conchobhar Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 318

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 318

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Com Sheóla (B)
  2. XML Page 318
  3. XML “Piseoga”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An ceud lá a raghfá ag cur scioltán dá mbeadh cuid acu gan cur agat nior cheart iad a thabhairt isteach abhaile leat acht iad a thabhairt dos na buaibno do ainmhidhthe eigin

    Ní ceart aon talamh do dhearga Aoine a Cheasadh. Deireadh na sean-daoine, "Aoine an Cheusad na saoire ar casaoíbh"

    Ní ceart dul isteach doras le ramhain, le píce no lé sluasaid ar do ghualainn

    Ní ceart treabhadh nó romhar i gcoinnibh na críche

    Sa tseana shaoghal do thugadh gach feirmeóír a dha oiread bídh do gach ainmhidhe Oidhche Nodlag agus Oidhche an Dothain Mhóír

    Má fágtar aon chuid de iomair gan siol a chur ann nuair a bhídhtear ag cur garradihe beidh ana mhí adh ar an té a dehin an dearmhad. Siol dearmhad a tugtaí air

    Oidhche lel Seáin lasann fear-a-tighe scathán mor aitinn agus teidheann tríd an garraidhe leis agus imeasg na mbó leis chun mí adh na bliadhna a choimeád uatha

    Má thugann tú bainne do dhuine agus é fhaghail thar nais arís uaidh ní beidh aon rath ort

    Má thugann duine tabharthas bláthaighe chughat is ceart duit rud éigin a chur san ártach follamh nuair a bíonn sé ag fágaint (?) do thighse
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
    Language
    Irish