School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)

Location:
Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
Teacher:
Conchobhar Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 313

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 313

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Com Sheóla (B)
  2. XML Page 313
  3. XML “Amhrán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Amhrán

    Ós do bhíos ag fiadhach is ag sealgaireach lá breagh den'shaol

    Ós do bhíos ag fiadhach is ag sealgaireacht lá breagh dem' shaol,
    As mo choin go dian am fhaire 'gham i ngleanntán sleibhe
    Do chonnacsa chugham an ainnir bhreagh is a gruadhna ar dhath an airgid
    Is a cuacha breaghtha barra-chas ag fás lei go féir.
    Do smaoineas-sa trém aisling gur sidhe-bhean í i gcéin
    Gurab í Juno, Helen, Palas í na an righ-bhean Baclaobh.
    Gurab í Dido fein an ainnir bhean no Déid a chlaoidh na fearracaoin,
    No Hélen mhill na Clanna Gaoill i mbruidhean san na Traé.
    Mo shlán beo chun mo athar is chun mo mháthar fein
    Do thóg suas gan easba mé i dtosach mo shaoghail
    Do thug leabhair, leigheann is laidean dom is scrí go caol is grammar do
    Is ní raibh an domhan dá bharra agam ach mo ghrádh is mo laogh.
    Do dheunfainn rómhar is grafadh duit no bád a chur i ngleas.
    No bhainfinn móin le ceathrar ar fior bharr an tsleibhe.
    Is dólfainn coróinn sa tabhairne is nior mhó 'gam é na leath-pingin
    Óir ta ór go leór i Sasana más gadh dhuinn é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ua hÉaluighthe
    Gender
    Male
    Age
    92
    Address
    An Fearann Fada, Co. Chorcaí