School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)
- Location:
- Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
- Teacher: Conchobhar Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Com Sheóla (B)
- XML Page 202
- XML “Bean a Bádh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Aon uair amháin bhí daoine ag dul ó Ghleann Gharbh go Beanntraighe i mbád beag chun rud éigin do fhághail ann. Bhí cairrig ar an dtaobh thiar de Oileán Foíde ar a mbíodh alán cairigín agus madhbhán an uair sin. Sé an ainm atá ar an gcairrig ná an Ghéarán.
Bhí bean ins an mbád agus do bheartuigheadar í do chuir amach ann chun go mbeadh mála cairigín bailighthe aici nuair a bheidís ag teacht thar nais ó Bheanntraighe.
Chuireadar an bhean amach agus do imthigeadar ortha go dtí Beanntraighe.
Do thánghadar i dtír i mBeanntraíghe agus taréis tamaill mhaith do chaiteamh ag ól do dheineadar na gnóthaí a thug ann iad agus do thosnuigheadar chun teacht abhaile.
Do mhothiuigheadar an ghaoth ag eiríghe agus bhí fhios aca go mbeadh stuirm mór ann.
Nuair do thánghadar go dtí an chairrig bhí stuirm mhór ann agus ní rabhadar ábalta ar teacht na goire agus do bádhadh an bhean bhocht nuair do lán an taoide.- Collector
- Riobárd Ua Drisceóil
- Gender
- Male
- Address
- Snámh, Co. Chorcaí
- Informant
- Seán Ua Drisceóil
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Male
- Age
- 79