Scoil: Sliabh Liag
- Suíomh:
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Caitlín Nic An tSaoir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh Liag
- XML Leathanach 79
- XML “Scéal - Na Siógaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ar leánmhaint.
mba leis í a thabhairt leis abhaile go dtiocfadh leis a tabhairt. Thug sí leis í ina thíghe fein í acht bhí'n cainnt agus an éisteacht caillte ag an créatúr. Bhí sí án- cúramach ar fad aige.
Támall ina dhiaidh seo bhí sé ag gabhail thart ag an Sgrig ceudna agus chualaidh sé an cainnt istigh. 'Sé an rud a dúbhairt fear acú "Da mbéadh an cailín ús annseo anocht léaghasfaimid í." "leóga is furust sin a dheánadh, arsan dara fear níl acht an grainín eorna atá faoí na teanga a bhaint amách."
Bíodh fios agat go (dteáchaidh?) an stocach abhaile go lúighaireach indiadh an seanchus seo a chlumstin. Comh luath is shroich sé an bhaile bhain sé amách an grainín eorna agus leigheas sé an cailín.
Lá ar na bharach d'imigh an beirt acú tigh a bunaidh agus d'iarr seisean lóistín dén bheirt acú. Fuair siad sin agus ní thiocfadh lé bean a tíghe stad dén chaoineadh an uile ám a d'amharcochadh sí ar an cailín na bí an cosamhlacht idir an cailín seo agus an ingean a chaill sí fein mór. Níor leig ceachtar don bheirt óga (dadai?) orthú agus ar maidin leig siad orthú go rabh siad ag imeacht .
D'fiafraigh seisean goidé bhí aige lé tabhairt dí acht ní glacfadh sí (dadaí?). Dúbhairt siad nach dtiocfadh leobta airgead ar bith a bhaint daobhra(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mairéad Ní Giolla Easpuig
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Giolla Easpuig
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 45
- Seoladh
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall