Scoil: Sliabh Liag

Suíomh:
Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Caitlín Nic An tSaoir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 57

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 57

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sliabh Liag
  2. XML Leathanach 57
  3. XML “Scéal - Márcus, Eoin, agus Andrias”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí triúr deárbhrathair istigh ar an Dúbhtaigh i nGleanncoluimcille. Bhí bád acú agus lá amhain dúbhairt fear acú gur mhaith an rud nuaidheacht éisg fhaghail. Rinne siad réidh agus chuaidh amách sa bhad. Nuair a bhí siad amuigh giota taobh amuigh dé Rath Méise connaic siad suiste mór ag teacht. Bhí aibleóg sa bhád agus chaith fear acú in-aghaidh an suiste í agus shocruigh sí é. Lé sin thainig an dara cionn agus chaith Eóin a bhróg in aghaidh agus shocruigh sí í. Acht anois bhí’n tríomhadh cionn ag teacht cionn a bhí créathnaigheach agus sgánnruigh an tríur acú. Sheas an fear a ba sine (Marcus) Éoin i dtoiseach an bháid agus sgian in a láimh aige. Comh luath is bhuail an suiste an sgian tárranughadh as a lámh í agus shocruigh an fhairrge.
    Nuair a chonnaic siad goidé thárla phill siad ar lug na drudhan comh gasta is thainig leobhtha agus chuaidh i gcionn a gcuid oibre.
    An oidhche sin go h-án mhall chualaidh siad márcach ag teacht go dtí’n doras. D’fosgail siad an doras agus bhí sin ann. Nuair a d’fiafraigh siad goidé bhí dhioghbhail air dúbhairt sé duine acú a ghabhail leis go Camus Binne go rabh gnoithe aige lé deánadh annsin agus go bhfágfadh sé an duine a ráchadh leis slán sa bhaile arais mar bhí sé.
    Dúbhairt fear acú fríd a fiacla go ráchadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheal Uí Ceinnide
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Ioseph Uí Ceinnide
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Seoladh
    An Chríonmhín, Co. Dhún na nGall