Scoil: Sliabh Liag
- Suíomh:
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Caitlín Nic An tSaoir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- San am a rabh Naomh Coluimcille i nGleann bhí Naomh Aodh Mac Breacain ar Bharr Shliabh Liaig agus bhí an bheirt acú ag obair le chéile cum Glór Dé. 'Nois bhí pionús ar Naomh Coluimcille san am seo gan bainne a bhlas.
Lá amháin casadh an bheirt ar a chéile ar bharr Curantaigh Searc agus d'aithin Naomh Aodh ar a phluc gur bhlas sé bainne agus dúbhairt sé sin leis. Dhéarbhuigh Naomh Coluimcille nar bhlas na ar ndoiche bhí sé ar a dhíthcheall a phionús a chuir isteach.
Cé bith nuair a chuaidh sé isteach go Bifan chuir sé ceist ar bhaintreabhach a bhíodh ag déanadh réidh a chuid do ar chuir sí bainne ar bith fríd. Dúbhairt sí nar chuir acht go rabh leorg bainne ar soitheach agus nar nígh sí dé é sul a dtearn sí a chuid ann.
Nuair a chualaidh sé seo tháinig an t-an fhearg air agus mharbhuigh sé an t-aon bhó a bhí aicí. Cúpla lá na dhiaidh seo a dhéanamh tháinig buaidhreadh air agus d'iarr sé uirthí na cnámha uilig a chruinniughadh dó-san. Chruinnigh sí iad uilig acht ceann amháin agus rinne seisean an bhó beo arais acht bhí sí bacach. bhí léan go bráthach ar an méid bainne a bhí aicí anois agus ó'n lá sin go dtí an lá indiú tá buaidh ar an eile bó bacach níos mó bainne a bhéith aicí na ag aon bhó eile.- Bailitheoir
- Caitlín Nic a' t Saoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Ánna Nic Fionnlaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 74
- Seoladh
- An Gaineamh agus An Curraoin, Co. Dhún na nGall