Scoil: Sliabh Liag

Suíomh:
Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Caitlín Nic An tSaoir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 38

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 38

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sliabh Liag
  2. XML Leathanach 38
  3. XML “Scéal fá Naomh Colm Cille”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    leáthan comhthrom ag na thaobh. Chrom sé síos agus cuimil a lámh do'n chloich. Aníos leis an t-uisge agus bhaist sé an leánbh. Ó'n lá sin go dtí'n lá indiú tá uisge sa charraic ca bíth teas a tiocfas. 'Sé an t-ainm atá ar an charraic Ámar Glinne. Tá sé sa targaireacht nach mbéidh aon duine beo indiaidh an cogaidh acht an mhéid a bhéidheas taobh ó thuaidh dé'n Ámar.
    Tá cros amhain sa turas agus tá poll ann Caithfidh an uile duine a siubhlas an turas amharc fríd. Bhí bean na cómhnaidhe ar an Fhochair i lár an Ghleánna dárbh ainm Nora Ní Bhárrain agus nuair a d'amharc sí sa poll connaic sí geáfta Flaithis. Níl sin acht tuairim 80 bliadhain ó shoin.
    Tá a theach le feicealt i mBífán agus a leabaidh san teach. Shuas ós a chionn tá an tobar agus moll mór cloch thart fa dtaobh dé. Caithfidh an uile duine trí cloch a iomchar suas lé caitheamh ag an tobar mar pionús ar son a gcuid peacaigh.
    Tá a cathaoir fosda lé feicealt go fóill agus nuair a shuidhfeas tú ann tá'n Gléann uilig faoi do shúil.

    Seo an biadh agus an deoch a bhíodh aige i nGleann,

    "Dúlaman Carraic Cormoda,
    Uisge Dheocha Dheochadan
    Agus eorna an Iomaire Cam"

    Caitlín Nic a tSaoir
    7adh Béaltaine 1938
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. naoimh
          1. Colm Cille (~265)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Nic a' t Saoir
    Inscne
    Baineann