Scoil: Sliabh Liag

Suíomh:
Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Caitlín Nic An tSaoir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 115

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 115

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sliabh Liag
  2. XML Leathanach 115
  3. XML “Scéal - An Camán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    “Nois ar seisean, caithfidh tú bhéith ag siubhal a choidhche go bhfuig tú sgánnradh agus ní thig leat codhladh dha oidhche indiadh a chéile san ait amhain”.
    Chuaidh sé abhaile agus d’innis sé goidé d’éirigh do do na dheirbhsiúr.
    Rinne sí sin lón beag do agus d’imtigh sé leis ar béal maidne. Bhí sé ag siubhal leis go clap - sholais agus annsin chonnaic sé bóitheach beag fa ghiota do. Chuaidh sé isteach ann leis an oidhche a chaitheamh ann. Shuidh sé agus d’ít a lón. Bhí gráinín luachmhair sa choirneál agus sín sé é fein air agus chodlaigh leis go maidin.
    D’éirigh sé agus siubhal leis an dára lá go clap sholais arais. Chonnaic sé teach mór fa ghiota do agus dar leis fein iarrfaidh mé lóistín go maidin annsin. Tharrang sé ar an teach agus chonnaic sé dha fear ag tárrangt air anuas. D’fiafraigh siad do ca rabh sé ag gabhail. D’innis sé daobhtha gur ag iarraidh lóistín na h-oidhche san teach mór sin a bhí sé ag dul.
    D’innis siad do go dtiocfadh leis fánacht ann na nach rabh aon duine ‘na chómhnuidhe ann. Phíll siad leis agus leig siad isteach é, las siad sólus dó sa chisteannaigh agus d’fág buideál uisge beátha dó ar an tábla. D’imtigh siad amách ar an doras agus d’fág é.
    Shuidh sé ag an tábla agus a cheann chrom aige
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Nic a' t Saoir
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Seán Mac a' Bhaird
    Inscne
    Fireann
    Aois
    76