Scoil: Sliabh Liag
- Suíomh:
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Caitlín Nic An tSaoir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh Liag
- XML Leathanach 108
- XML “Scéal - Ó Brían”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus an Diabhal Mór agus nuair a chonnaic sé comh h-áchmar is thug sí suas an leitir ar a cluinstin go gcuirfidh isteach í sa tseómra a bhí réidh dó fhein nuair a gheobhfadh sé bás dar leis, caithfidh sé go bhfuil an seómra seo go h-án dona.
D’fiafraigh sé do’n Diabhal an dtiocfadh leis an tseómra seo fheicealt. “Thig leat ar do bheálach amách do shúil a chuir lé poll na h-eochrach acht ní thig leat ghábhail isteach”. Ar a bheálach amách chuir sé a shúil lé poll na h-eóchrach lé ámharc isteach acht bhí an teas comh mór taobh istigh gur leaghadh an t-súil amách as cheann.
D’fág sé fein agus an Sagart Óg Ifrionn agus siubhal leo go dtainig siad go deireadh an bheálaigh agus bhí siad ar Beálach na gCríostaidhe aríst. “’Nois, arsan Sagart, béidh mé ag fágailt slán agus beánnacht agat, seo mó bheálach-sa agus ní bhéidh mé i bhfad ag ghabhail abhaile. Ní thig liom innse duit comh buadheacht is tá mé duit ar son an mhéid a rinne tú damh”.
D’freagar Ua Briain go deárn sé moran do cinnte agus go rabh sé beag go leór ag an Sagart Óg rud amhain a dheánadh do sul a bhfágfadh sé é. “Ma thig liom ar comhair ar bíth”, arsan Sagart. “O! thig leat, arsa Ua Briain. Márbuigh mise annseo san(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Nic a' t Saoir
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Mac a' Bhaird
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Seoladh
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall