School: Dún-dá-radharc (roll number 15009)

Location:
Dún Dea-radhairc, Co. Cork
Teacher:
Siobhán, Bean Uí Shéaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 043

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 043

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dún-dá-radharc
  2. XML Page 043
  3. XML “Caisleán Charraig an Phúca”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá Caisleán Charraig-an-Phúca suidhte ar bhruach an t-Sulláin trí míle laistiar de Mhaghchomtha. B'é na Cárthaig ó Dhriseán i n-aice Sráid an Mhuilinn a thóg é.
    Tá sé suidhte ar Charraig árd gharbh. Níl ach aon chasán amháin ag dul suas go dtí an doras agus é sin garbh cumhang sleamhain. Deireann na sean-daoine go raibh an Sullán ag rith ag bun na carraige aon uair ach tá sé ag rith timcheall céad slat ó'n áit anois. Taisbeánann san gur caisleán do-ghabhála é i n-aimsir Chomwell.
    Do theip ar Bhróigill Generál i n-arm Chromwell an caisleán do thógaint acht do thug Diarmuid Mach Cárthaigh suas é na dhiaidh sin.
    Deireann na sean-daoine go bhfuil próca óir i bhfolach sa bhfalla i gcéad lúib de'n staighre ag dul suas go dtí a bhárr agus madra dubh gá chosaint.
    Bhí taidhbhreamh ag fear oidhche agus dubhairt guth leis go raibh an t-ór san áit sin agus ná raibh le déanamh aige acht píopa mairtfheola agus coileach Márta do bhreith leis go dtí an caisleán. Bhí an madra ann roimis agus níor dhein sé ach an fheoil do chaitheamh leis. Bhí an madra ag ithe agus é ag tógaint amach an phróca. Nuair a ghlaoidh an coileach do sciob sé leis an t-ór mar a cheap sé.
    Nuair a bhí sé ag dul abhaile bhí guth a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlís Ní Ríordáin
    Gender
    Female
    Address
    Drom an Gharraí, Co. Cork
    Informant
    Diarmuid Ó Loinghsigh
    Gender
    Male
    Age
    50
    Address
    Inse na hAmhraí, Co. Cork