School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)

Location:
Kilmocomoge, Co. Cork
Teacher:
Conchobhar Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 330

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 330

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Com Sheóla (B)
  2. XML Page 330
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí duine-uasal ann uair agus fuair sé dhá shaor-chloch seanduine agus a mhac, chun tig a thógaint do. De Mhuinntir Ruairc iad. Dheineadar obair bhreagh do'n duine uasal agus nuair bhí an tig a chríochnú suas acu bhí gach aoinne a mholadh agus a rádh na raibh a leithéid eile de tig le faghail in aon bhall.
    Bhí an duine uasal agus a chlann ana mhorálach as a gcaisleán nuadh agus is amhlaidh bhí eagla orta go ndheineadh an bheirt saor chloc tig cómh maith leis no bfheidir ní bfhearr ná é do chómharsain eigin eile. Bé an rud ar a bheartuigheadar ná an mac a chur chun báis, bhí fhios acu na feudfadh an tathair aon rud foghanta a dheunamh na aonar. Agus an mac taréis an buille deirinneach a bhualadh ar barr simné cad a dhein an duine uasal agus mhac leis acht a scaphel a thógaint ón dtig. D'fhágadar an fear bocht dhá lá agus da oidhche anáirde agus gan aon bhreith aige ar theacht anuas. Maidin an tríú lá bhí buachaill símplí ag gabhail thar an dtig agus chonnaic se an fear anáirde. Do chuir an fear shuas a sceul in iúil don amadán. Ar chlos an scéil do labhair an buachaill símplí mar seo.
    Muise greadadh ort is duairc
    A Sheáin Óig Uí Ruairc
    Nách fhusa dhuit seacht glocha chur anuas
    Ná cloch amháin a chur suas.
    Thuig an fear shuas é agus seo ag caitheamh na gcloch anuas. Geallaim dhuit gur gairid go raibh an scaphel anáirde arís.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Informant
    Diarmuid Ua Caochlaí
    Gender
    Male
    Age
    100
    Address
    Snave, Co. Cork