School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)

Location:
Kilmocomoge, Co. Cork
Teacher:
Conchobhar Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 325

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 325

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Com Sheóla (B)
  2. XML Page 325
  3. XML “Peig Ní Luana”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ós cionn trí fichead blian ó shoin bhí na cómhnuidhe ar a dtaobh thuaidh de Ghleann Garbh seana bhean dar bainm di Peig Ní Luana. Níl aon dhabht ná go mbíodh sí i gcómhluadar na nDaoine Maithe. Go mion minic chonnacthas, fiche míle béidir, ó Ghleann Garbh í, go deunach is doichche, acht bhíodh sí thar nais na bothán féin nuair deirigheadh a comharsana ar maidin.
    An uair céadna bhí feirmeóir bocht shuas i mBárluin. Deirig sé maidin agus ná raibh an bhó do bfhearr a bhí aige sínte marbh sa pháirc le hais an tighe. An mhaidean na dhiaidh san bhí ceann eile na cnap sínte taobh amuigh de'n doras agus an tríumhadh maidean ná raibh bó eile marbh. Ní nár biongnadh bhí fear bocht geall leis an eadtromacht agus bheartuig sé na aigne go raghadh dé ag triall ar Pheig Ní Luana feuchaint a bhfeudfadh sí aon stop a chur leis an sgrios. Bhfada an taistear a bhí aige ó Bhárluin go Gleann Garbh acht ar aon chuma do shaothrug sé bothán Pheig ar thuitim na hoidhche. Ar dhul isteach do ní fheacadih sé aoinne acht ba gheárr gur labhair Peig thios sa seómra bheag agus dubhairt go raibh fios fáth a theachta go cruinn aici féin. Sar a raibh d'uain aige labhairt tháinig Peig anios chuige agus thug dhá buidéal bheaga do. Dubhairt sí leis a raibh i gceann des na buidealaibh a dhoirteach timcheall an tighe agus a raibh sa cheann eile a stealadh ar na buaibh a bhí fágtha aige.
    Do dhein sé rud uirthi agus níor cailleadh oiread is mionán gabhair sa bhfeirm sin ó shoin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Mícheál Ó h-Ualalcháin
    Gender
    Male
    Address
    Kealanine, Co. Cork
    Informant
    Seán Ua hEaluighthe
    Gender
    Male
    Age
    92
    Address
    Farranfadda, Co. Cork