School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)
- Location:
- Kilmocomoge, Co. Cork
- Teacher: Conchobhar Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)323
Theigheadh an breitheamh seo ó Bhaile Átha an Fhinín uair sa mhí go cúirt a bhíodh i Néidín. Ar mhuin capaill a theigheadh sé ann agus bhíodh a gcomhnuidhe sluagh saighdiúirí na fhocair mar gharda. Sé an bóthar a ghabhadh sé na treasna Léim an tSagairt annso in aice linn.Bhí fhios ag beirt dhearbhrathair Dhomhnaill Buidhe go dteigheadh sé an bóthar san agus is mó maidin a chaithidir i mbéilic le hais lúib an bhóthair le súil go bhfuighidís fáil air acht bhíodh an gárda ro chómhgarach do i gcómhnuidhe.
Tháinig maidean ceóig i dtosach an Earraigh agus bhí an breitheamh agus a ghárda ag cur an cnoc díobh ó thuaigh.Bhí an bheirt sa béilic ag faire mar ba ghnáth. Pé sligh nár thuit sé amach bhí an breitheamh an mhaidean seo tamall beag taobh shiar de'n ghárda. Nuair tháinig sé go lúib an bhóthair do léim an bheirt air agus sar a raibh d'uair aige dia le m'anam do rádh bhí scian tré na chroidhe. As go bráth leis an mbeirt chun na gcnoc.
Annsan bhí an fiadhach agus an tóir. Do lean an cuardach imeasg Cnoc na gCeacann ar feadh miosa acht ní fuarathas an bheirt.
Deirig leo tamall na dhiaidh san, eulódh go America i luing eigina tháinig isteach go Badh Neidín.
Ón la san go dtí an la indiu níor bailigeadh deachuighte tímcheall na háite seo.Fuarthas ó: Dhiarmuid Ua Caochlaí (100bl)
Snamh- Informant
- Diarmuid Ua Caochlaí
- Gender
- Male
- Age
- 100
- Address
- Snave, Co. Cork