School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)

Location:
Kilmocomoge, Co. Cork
Teacher:
Conchobhar Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 231

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 231

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Com Sheóla (B)
  2. XML Page 231
  3. XML “Cúilín Lomáin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá gleann uaigneach imeasc na gcnoc, timcheall míle ó'm thigse, gur b-ainm do Cúm na Léime. Is mó sceal tá ag na sean daoine le hinnsint na thaobh. Sa tsean shaoghal timcheall cead blian ó shoin no mar sin, bhí dachad linn tighe de Mhuintir Laoghaire na gcómhnuidhe ann. Níl ach dóthain tailimh do aon linn tighe amháin sa ghleann ar fad agus dá bhrigh sin chaitheadar sligh beatha eigin seachas feirmeóireacht do tharrac chúcha. Do luigheadar amach ar robáil agus ar chreachadh timcheall ortha. Bhí gach duine acu nios fearr na chéile mar amhránaidhe agus aoinne acu a theastóchadh aon chailín mar mhnaoi uaidh ní raibh uaidh acht amhrán a chanadh na lathair chun í a mhealladh leis. Is beag cailín a mbeadh ar a cumas an teiteachas a thabairt do aoinne acu ar chlosaint an tamhrán uaidh acht dá dtugadh, ba measa dhi é mar do thiochad dachad fear an oidhche sin ar muin capall agus bheurfaidís leo í.
    Is mó duine a bhíodh ag dul treasna Bóthair Léim an tSagairt a robáileadar. Do leanadar ar an obair sin go dtí go dtáinig dream mor saighdiúirí chun an ghleanna agus do lamhachadar a bhfurmór agus chuireadar ar an ruaig ar an gcuid eile.
    Ní dheaghaidh aoinne go ceann abhfad na dhiaidh sin chun cómhnuighthe sa ghleann.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ua hEaluighthe
    Gender
    Male
    Age
    92
    Address
    Farranfadda, Co. Cork