School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)
- Location:
- Kilmocomoge, Co. Cork
- Teacher: Conchobhar Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Com Sheóla (B)
- XML Page 214
- XML “Inse na gCeann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tár éis teacht abhaile ó Thír na n-Óg do Oisín bhí sé na sheanduine crionna dall. Bhí cú aige agus lá amháin bhí coileáin óga aici. Do theastuig ó Oisín a fhághail amach cioca díobh ab fhearr.
Do chaith sé croicean in áirde ar an dtig. An taobh istig de a bhí sleamhain iseadh a fhág sé amuigh. Rug sé ar cheann des na coileáin agus chaith sé in áirde ar an gcroiceann é. Ní fheadfhadh sé greim a fhághail ar an gcoiceann mar bhí sé ró shleamhain agus do thuit sé ar an dtalamh. Bé an sgeal ceadhna é go dtí gur caitheadh an coileán deirinneach anáirde.
Pé shilighe inar dhein sé é fuair sé greim ar an gcroiceann agus bhí áthas ar Oisín. Do choimeadh sé se an coileán agus agus sé an ainm a bhí air ná Aill.
Lá amháin bhí Oisín ag fiadhach tímcheall na h-áite seó agus bhí Aill le na chois. Tháinig cun mór a bhíodh ag creachadh na h-áite an treó. Dairig Oisín é agus chuir sé Aill 'na dhiaidh. Bhí Aill ag troid cúpa lá leis agus ní fheadfhadh sé buadh(continues on next page)- Collector
- Celestín Ua Ceócháin
- Gender
- Male
- Address
- Coorycommane, Co. Cork
- Informant
- Pádruig Ua Ceócháin
- Gender
- Male
- Age
- 68
- Address
- Farranfadda, Co. Cork