School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Location:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
- Teacher: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí rí sa domhan toir uair go raibh seanghalar air agus níor fhéad liaigh ná luibh aon leigheas a dhéanamh do. Fé dheireadh glaodh ar na hard-dhochtúirí chuige agus bé a dheineadar súd amach ná gur ae-ghalar a bhí air agus gurab é a leigheasfadh é sin mar ghalar ná máilín an domlais a bhaint as ae gharsúin seanachríonna agus é a chur isteach in inead a chinn féin air.
Cuireadh gairm scoile amach ar lorg gharsúin dá leithéid agus fé cheann aimsire d’aimsíodh mac aodhaire a bhí oiriúnach don ghnó ar gach saghas cuma.
Thug an rí ordú uaidh ansan go gcaithfeadh athair agus máthair an gharsúin teacht ina láthair. Do thánadar, agus mheall an rí an mac uathu le tabharthaistí móra troma. Do léigh breitheamh an rí barántas á rá gur cheart agus gur chóir mac an aodhaire a chur chun báis chun go ndéanfadh sé a shláinte do chasadh ar an rí.(continues on next page)- Collector
- Peigí Ní Sheitheacháin
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- Cathair na Cáithe, Co. Cork