School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Location:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
Teacher:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 170

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 170

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Page 170
  3. XML “Béaloideas - Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Timpeall ceithre fichid blian ó shin bhí ’na chónaí i gCarraig an Ime amadán gurbh ainm dó Séamas. Bhíodh áilteoirí garsún ag imirt air nuair a gheibhidís in aon áit phoibli é. Tháinig sagart iasachta chun na paróiste. Bhí sé lá Domhnaigh ag tabhairt aifrinn uaidh i gCarraig an Ime. Do tharla go raibh
    Séamas sa phobal. I lár an aifrinn do phrioc buachaill éigin Séamas. Chuir Séamas béic uafásach as. Chrom gach éinne a cheann. I gceann tamaill do phrioc duine eile an t-amadán. Chuir an t-amadán béic eile as, ba threise agus dob aoirde ná an chéad bhéic. D’iompaigh an sagart agus do labhair sé. Thug sé agaidh a bhéil ar an bpobal go fíochmhar agus go feargach. Do chas sé leo an peaca a bhí acu á dhéanamh le gan iad féin d’iompar istigh i dtigh Dé agus an t-aifreann ar siúl. Nuair
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Ní Fhearghaill
    Gender
    Female
    Age
    12
    Address
    Oileán Eidhneach Thiar, Co. Cork