School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Location:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
- Teacher: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ins an aimsir atá caite is tithe cinn tuí ba mhó a bhí ar fuaid na tíre seo, agus ins an am san do cuirfí ar bharr an tsimné rud éigin déanta de shlata i bhfoirm cléibhe nó ciseáin, mar bhriseadh ar an ngaoith, in ionad na bpíopaí a cuirtear anois ann.
Do bhí fear ann agus do dhein sé mórán saibhris go cruálach ar bheagán fáltais. Do bhí iníon amháin aige agus ní fheadair sé conas a dhéanfadh sé cleamhnas di le duine mór éigin.
Do bhí fear óg insa gcomharsanacht aige a bhí beagán rabairneach mar is gnáth lena leithéid a bheith. Do chuir an fear so teachtaireacht chun an fhir féachaint an dtabharfadh sé a iníon do le pósadh.
Do tháinig áthas a croí ar an iníon agus ar an mháthair mar gheall ar an scéal agus do cheapadar lá don teachtaire chun an fhir óig do theacht ag déanamh an chleamhnais.
Do dhein bean a’ tí agus a hiníon suas an tigh go hálainn i gcómhair lae an choinne. Do bhí gach aon ní go rí-maith ach go raibh an simné go holc acu, agus níorbh fholáir don iníon agus don mháthair do chur d’fhiachaibh ar fhear a’ tí dul ad iarraidh iasacht(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Ríordáin
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- Na Curraithe, Co. Cork