School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Location:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
Teacher:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 165

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 165

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Page 165
  3. XML “Béaloideas - Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí garsún bocht ’na dhílleachtaí ann uair. Bhí leasmháthair aige. Bhí sí ag criathairt mine coirce lá. Rith an garsúinín anall chuici agus chuir sé a láimhín fén gcriathar chun dorn mine coirce d’fháil le n-ithe. Do bhuail an leasmháthair clabhtóg ar an láimhín air. D’imigh sé leis ar bog-ghol agus nuair a chuir sé an tocht de labhair sé:- “Beannacht dílis Dé le hanam mo mháthar. Bhí sí dall ach ní raibh fhios agam é go dtí inniu. Ní fhaca sí mo láimhín riamh fén gcriathar.”
    D’imigh na blianta agus bhí leasdeartháir ag an dílleachtaí. B’é siúd an máistir mar bhí an taca aige. Bhíodh scata géanna acu ar an gcnoc. Bhíodh ar an leaidín bocht na géanna do chur isteach gach oíche. Ní raibh aon rud le déanamh ag an leasdeartháir. B’é toil Dé go bhfuair an leasmháthair bás agus oíche an tórraimh labhair an leaidín arís:-
    Céad moladh mór le Rígh na naomh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Ní Cheallacháin
    Gender
    Female
    Age
    12
    Address
    Cathair na Cáithe, Co. Cork