School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Location:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
Teacher:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 047

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 047

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Page 047
  3. XML “Béaloideas - Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do bhí Eóghan Ruadh agus sagart ag áiteamh mar gheall ar bhaiste uair. Dubhairt Eóghan go bhfeadfadh sé féin leanbh do bhaiste chómh maith leis an sagart agus dubhairt an sagart ná feadfadh agus thíomáineadar leó ar an gcuma san ar feadh tamaill ag caint agus ag áiteamh.
    Fé dheire bhain an sagart a hata de, hata bréide do beadh é. Do shín sé an hata chun Eóghain agus dubhairt sé:- “cuir i g-cás gur bé sin an leanbh, cionus a baistfeá é?” Thóg Eóghan an hata agus dubhairt sé:-

    “Baistim an leanbh seo
    Gan tóin, gan cheann
    Gan tobar gan uisce gan bhraon do'n leann
    Reithe do beadh a atháir
    Is caoire do beadh a mháthair
    Is a leitheid do bhaiste
    Níor tháinig ríamh am láthair.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Tóibín
    Gender
    Female
    Age
    11
    Address
    Inse an Osaidh, Co. Cork