School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Location:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
Teacher:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 054

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 054

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Page 054
  3. XML “Béaloideas - Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear agus bean ina gcómhnuidhe cois na fairrge i gCiarraaighe fadó agus bhíodar ana bhocht. Bhí muiréan mór ortha agus gan puinn bíadh le fághail aca. Aon lá amháin tháinig fear siúbhail isteach agus d’iarr sé lóisdín na h-oidhche ortha.
    Dúbhairt fear a’ tíghe go bhfaigheach agus fáilte nár chuir sé féin fear siúbhail ó na dhoras riamh. Fuair a bhean an súipéar ollamh do agus ní raibh de bhainne acht ach an méid do dhein an súipéar dóibh.
    Chuadar a coladh agus chuir fear a’ tíghe an boulta ar an doras. Maidin lá ar na mháireach nuair d’eirig fear a’ tighe ní raibh aon tuairisg don fhear siúbhal agus nuair a bhí an boulta ar an doras ní raibh fhios acu cár imthig sé.
    D'osgail fear a' tíghe an doras agus nuair d’fheuc sé amach connaic sé bó amuigh sa bhuaile agus í ag sileadh bainne. Ghlaoidh sé ar a mhnaoí agus dubhairt sé léi an bhó do crúd. Do crúidh sí an bhó agus líon sí an áthrach go tapaidh.
    D’fhógar sé an bó ó altórtaibh na dtrí bhparóiste agus níor tháinig éinne dhá h iarraidh. D’fhan an bhó aige féin chomáineadh sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Gobnait Ní Chróinín
    Gender
    Female
    Age
    12
    Address
    Carraig na Damhaire, Co. Cork