School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Location:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
Teacher:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 196

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 196

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Page 196
  3. XML “Béaloideas - Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí buachaill aimsire ann fadó agus ba bhéas aige bheith ag dul ag sgoruídeacht gach aon oidhche. Bhíodh sé ag gabháil treasna cnoc agus é dul ag sgoruígeacht.
    Maitúin Ó Céilleachair a bainm do.
    Do bhuaileadh saghas sprid uime agus deantús muiche uirthi. Do ritheadh sí chuige gach oidhche agus do ritheadh sí idir a dhá chois. Thogadh sí léi é ar a dhrom agus chaiteadh sí i bpoll uisce nó i bpoll portaig é gach oidhche.
    Oidhche dá raibh sé ag dul ag sgoruídheacht.
    Do chuir sé air peidre spuir agus d'imthigh sé leis.
    Do bhuail sí uime sa chnoc agus do thóg sí léi é.
    Do rop Maithiún í chomh maith is dob fhéidir leis é agus sar ar shrois sí aon pholl uisce do chait sí dá drom é agus d'imthigh sí uaidh.
    An oidhche na dhiaid san do labhair sí leis. "A Mhaithiún", ar sise "a bhfuil na gearáin ort." "Tar agus triall iad", arsa Marthiún léi agus as san amach ní fheacha sé í a thuille.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Liatháin
    Gender
    Female
    Age
    13
    Address
    An Goirtín Fliuch, Co. Cork