School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Location:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
Teacher:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 111

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 111

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Page 111
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí cailín aimsire ag obair i dtigh feirmeora uair. Ní miste a rá ná go mbíodh sí ag obair go dian gach lá ó Luan go Satharn agus nuair a thagadh an oíche féin ní leogfaí dhi stad mar chaitheadh sí prátaí do bheiriú do mhucaibh.
    An fhaid a bhíodh na prátaí ag beiriú aici do thiteadh a codladh uirthi. Bhíodh an solas ar lasadh agus í ’na codladh agus bhíodh ionadh ar na daoine lasmuigh go mbíodh solas le feiscint i dtigh an fheirmeora so gach oíche. Thosnaigh na daoine go léir ag caint mar gheall air. Duairt cuid acu gur duine éigin a bhí breoite, duairt duine eile gurb í an cailín a bhíodh in éineacht leis na púcaí.
    Do leath an ráfla amach agus do ghearán buachaill éigin leis an sagart é.
    Tháinig an sagart ag triall ar an gcailín agus d’fiafraigh sé dhi cad fé ndeár an solas. D’innis sí do go mbíodh uirthi fanúint suas gach oíche. Chuir sé tuairisc ansan uirthi
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Peigí P. Ní Loingsigh
    Gender
    Female
    Age
    13
    Address
    Na Curraithe, Co. Cork