School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Location:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
Teacher:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 160

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 160

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Page 160
  3. XML “Bealoideas - Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Máire Ní Liatháin, Goirtín Fliuch. Aois – Trí bliana déag
    30-6-’38
    Béaloideas – Scéal
    Bhí beirt sagart i gcoláiste fadó. Thiteadar amach lena chéile agus bhí gráin acu dá chéile. Do cailleadh duine acu agus bhí sé leagtha amach ar an mbord. Bhíodh sé mar nós acu ná fanadh suas ach aon sagart amháin ar an dtórramh. Do tharla gurb é an sagart a bhí mar namhaid aige a chaith fanúint suas. D’iarr sé sin ar shagart eile fanúint ’na theannta go maidin. Do dhein agus shuigh sé in aice na tine agus bhí sé ag lé’ leabhair.
    Bíonn an chailís agus a béal fúithi anuas ar chroí an tsagairt nuair a bhíonn sé á thórramh. Amach i lár na hoíche do labhair an sagart a bhí ar an mbord agus duairt:- “Bain díom an t-ualach seo.” “Tógfaidh mé,” arsa an sagart a bhí mar namhaid aige. “Ná dein,” arsa an sagart eile. Do labhair an sagart ar an mbord an tarna huair agus duairt sé leo arís an t-ualach a bhaint de. Do thóg an chéad sagart de é ansan. Ní túisce a bhí sé bainte dhe ná gur léim sé den mbord agus chuadar araon in achrann ar a chéile agus ní fhaca éinne beo ná marbh iad riamh ó shin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    2. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. penal times (~4,335)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Liatháin
    Gender
    Female
    Age
    13
    Address
    An Goirtín Fliuch, Co. Cork