School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Location:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
Teacher:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 073

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 073

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Page 073
  3. XML “Béaloideas - Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Eibhlín Ní Cheallacháin, Cathair na Cátha. Aois – Aon bhliain déag
    24-1-’38
    Béaloideas – Scéal
    Do bhí sagart ann uair agus ní thabharfadh sé aon ní d’éinne. Do chuir Eoghan Ruadh Ó Súilleabháin geall le feirmeoir go bhfaigheadh sé suipéar agus lóistín uaidh. Do chuir an fear geall leis ná faigheadh.
    D’imigh Eoghan go tigh an tsagairt ag titim na hoíche. Do bhuail sé ar an doras; do tháinig an sagart amach agus arsa Eoghan leis:- “An té a gheobhadh airgead ag dul amú cad ba cheart do a dhéanamh leis?” Do stad an sagart tamall agus ansan duairt:- “fan go [dtí] maidean, tá sé ana-dhéanach anois.” Do thug sé suipéar do Eoghan agus lóistín na hoíche agus nuair a bhí an breicfeast ite aige duairt an sagart:- “Cá bhfuil an t-airgead a fuairis ag dul amú?” “Ar ndóin,” arsa Eoghan, “ní duartsa go bhfuaras airgead ag dul amú, ach cuir i gcás dá bhfaighinn cad ba cheart dom a dhéanamh leis?” “Scrios as mo radharc,” arsa an sagart. Do chuaigh Eoghan go dtí an feirmeoir agus do bhí an geall aige.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Ní Cheallacháin
    Gender
    Female
    Age
    11
    Address
    Cathair na Cáithe, Co. Cork