School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Location:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
- Teacher: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Peigí D. Ní Loingsigh, Ladhar na Gaoithe. Aois – Dhá bhliain déag
20-1-’38
Béaloideas – Scéal
Bhí bean ’na cónaí sa Leaca Bán fadó gurbh ainm di Síle Ní Mhuimhneacháin. Gach maidean nuair a théadh sí go seomra an bhainne bhíodh na piceanna bainne doirtithe ar fuaid an urláir roimpi agus do bhíodh ionadh a croí uirthi. Lá amháin tháinig bean feasa isteach chúithi agus d’fhiafraigh sí di an mbíodh a cuid bainne doirtithe roimpi gach maidean agus duairt Síle go mbíodh. Duairt an bhean feasa léi gurb é cúis é sin mar ná bíodh aon fhíoruisce istigh aici aon oíche agus dá mbeadh, agus an tinteán glan aici, ná beadh an bainne doirtithe. As san amach bhí an fíoruisce istigh aici agus an tinteán glan agus níor doirteadh an bainne uirthi as san amach.- Collector
- Peigí D. Ní Loingsigh
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- Ladhar na Gaoithe, Co. Cork