School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Location:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
Teacher:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 150

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 150

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Page 150
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do bhí fear bocht aon uair amháin ag siúl an bóthar. Do bhí an lá te agus bhí ana-thart ar an bhfear mbocht. Do bhuail sé fé dhéin tigh feirmeora. D’iarr sé deoch ar mhnaoi a’ tí ach ní bhfuair. Cé go raibh fiche bó ag muintir a’ tí sin ní thabharfadh bean a’ tí deoch don duine bocht.
    D’imigh sé leis. Chonaic sé tigh beag cinn tuí in aice an bhóthair agus bhuail sé ’na threo. “Ar lorg dí a tháinig mé chút, a bhean mhaith,” ar seisean leis an mnaoi a bhí sa tigh sin. “Mhuise, go bhfóire Dia orainn,” ar sise, “ní bhíonn de bhainne agamsa ach an braoinín a cheannaím ós na comharsain, ach an braon beag atá istigh agam gheobhair é agus fáilte.” Fuair sé an deoch. D’ól sé í agus do ghaibh a bhuíochas agus d’imigh sé.
    Ar maidin lae arna mháireach nuair d’eirigh an bhean bhocht cad a bheadh ’na sheasamh ag an doras ach bó bhreá. Fuair an bhean árthach agus do crúigh sí an bhó. Do bhí áthas ar an mnaoi an méid sin bainne a bheith aici agus d’imigh an bhó an bóthairín síos.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Maighréad Ní Chróinín
    Gender
    Female
    Age
    13
    Address
    Carraig na Damhaire, Co. Cork