Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Suíomh:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
Múinteoir:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 126

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 126

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Leathanach 126
  3. XML “Béaloideas - Scéal - Eoghan Rua Ó Súilleabháin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fuair Eoghan Rua lóistín na hoíche i dtig feirmeora uair. Bhí stáisiún chun a bheith acu ar maidin. Tháinig an sagart isteach ar maidin agus chuir speic ar
    Eoghan:- “A bhacaigh, a ghrá, is fada bog ’fhásais.” D’fhreagair Eoghan:- “Más fada bog ’fhásas is gan fhios dod chlársa é.” “Ná bíodh san le rá agat a thuilleadh,” arsa an sagart “ach gaibh chúm amáireach agus líonfad do mhála.” “Ní hé ab fhearr liom,” arsa Eoghan, “ach scilling d’fháil go n-ólfainn do shláinte.” “Níl sé agam anois,” arsa an sagart “ach an chéad áit eile a bhuailfead umat tabharfaidh mé duit é.” Nuair a bhí an tAifreann ráite agus an breicfeast ite thug an sagart aghaidh ar an mbaile.
    Bhí cosán cómhngarach go dtí an bóthar agus rith Eoghan ar an gcasán agus bhí sé ar an mbóthar roimh an sagart. “Tá tú ansan arís romham,” arsa an sagart.
    “Táim,” arsa Eoghan “agus táim ag brath go mbeir suas led
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Cheallacháin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    11
    Seoladh
    Cathair na Cáithe, Co. Cork