School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Location:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
Teacher:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 131

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 131

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Page 131
  3. XML “Béaloideas - Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Gobnait Ní Chróinín, Carraig na Damhra. Aois - Trí bliana déag
    10-5-’38
    Béaloideas – Scéal
    Do bhí seanabhean ’na cónaí i dtigh beag fén dtuaith uair amháin. Bhí sí anabhocht. Ní raibh bó ná caora aici. Ní raibh aici ach aon ghé amháin. Bhí sí ana-cheanúil ar an ngé mar ní raibh aici ach í.
    Do bhíodh an gé gach oíche i gcró bheag ar chúl a’ tí. Do bhí mada rua i gcoill in aice na háite ’na raibh an tseanabhean ’na cónaí. Tháinig sé aon oíche amháin agus do chuaigh sé isteach sa chró. Do mhairbh sé an gé agus do rug sé leis í. Nuair a eirigh an tseanabhean ar a seacht a’ chlog maidin lá arna mháireach chonaic sí cleití an ghé timpeall an chlóis.
    Bhí a fhios aici ansan go raibh an gé marbh agus do chrom sí ar ghol. Bhí an bhean bhocht go buartha brónach. Do bhí feirmeoir ’na chónaí sa chomharsanacht agus bhí gunna aige. Do chuaigh an tseanabhean ag triall air agus d’innis sí an scéal do. Do thóg sé an gunna amach agus chuaigh sé amach sa choill. Ba ghearr go bhfuair sé radharc ar an mada rua. D’ardaigh sé a ghunna. Do scaoil sé urchar leis agus do lámhaigh sé é. Bhí an tseanabhean go buíoch beannachtach ansan.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. animal-lore (~1,185)
    Language
    Irish
    Collector
    Gobnait Ní Cróinín
    Gender
    Female
    Age
    12
    Address
    Carraig na Damhaire, Co. Cork