School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Location:
Ballingeary, Co. Cork
Teacher:
Gobnait, Bean Uí Liatháin

Filter stories

Back
/ 202 Forward
Resolution: Low | High
Béaloideas - Scéal

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 197

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Nuair a cuaidh an Mhaighdean Mhuire agus Naomh Iosep go Beithleim bhí sé teipithe ortha lóisdín d'fhághail mar bhí an uile áit tógaithe suas ag na strainnséirig eile.
Fé dheire cuadhar isteach i dtigh i na raibh fear agus bean ann agus d'iarradar bheit istig go maidin.
Bhí an bean sásta an chead sin a thabhairt dóibh, mar bhí sí deagh-chroidheach acht ba dhuine doicheallach an fear agus cuir sé ón dorus iad.
Ba gearr a bíodar imtighthe nuair a bhuail pian é, agus annsan tháinig catú air gur díbir sé an bheirt a iarr an lóisdín air. Chuir sé a bhean amach ar a lorg á rádh léi gan filleadh choidhche go bhfuigheadh sí amach iad.
Chuardaigh sí síos is suas agus fé dheire cá thiocfadh sí suas leo acht istig i sgioból bó. San am ceadna bí ár Slánuightheóir beirthe agus É leagtha i mainséar a bhí ann.
D'innis an bhean bhocht mar deirig do'n fhear ó sgaradar leis agus an cúis ar cuireadh i féin amach ar a lorg le na dtabhairt ar ais chun an tíghe. Nuair a bhí sí críochnuighthe le na theachtaire labhair an Mhaighdean Ghlórmhar agus dubhairt sí.
"Bean mín ar fear borb
Agus Mac Dé na luighe ar Colg."

(continues on next page)
Collector
Máire Ní Chróinín
Gender
female
Age
13
Address
Gurteenflugh, Co. Cork
Language
Irish