School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Location:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
- Teacher: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí beirt dearthár ’na gcónaí i gContae Chorcaí san áit ar a dtugtar Ard an Leasa. Feirmeoirí ab ea iad. Tadhg ab ainm do dhuine acu agus Dónall ab ainm don duine eile.
Do bhí feirm Thaidhg ar an dtaobh thuaidh de Abhainn na Bandan agus bhí feirm Dhónaill ar an dtaobh theas. Do mharaíodar mart i gcomhair na
Nollag agus do dheineadar socrú go ndéanfaí an fheoil do roinnt ’na dhá leath eatarthu.
Ar an bhfeirm thuaidh, feirm Thaidhg, is ea a maraíodh é agus duairt Dónall le Tadhg go gcuirfeadh sé garsún chuige lá arna mháireach chun a choda féin do bhreith abhaile. “Tá go maith,” arsa Tadhg, “gheobhaidh sé é pé uair a thiocfaidh sé.” Do ghlaoigh Dónall ar an ngarsún maidin lá arna mháireach agus duairt sé leis an capall a ghléasadh agus dul ó thuaidh agus leath den mhart do bhreith aduaidh ar an dtrucail. Do ghléas an garsún an capall agus d’imigh sé ó thuaidh treasna na habhann chun tí Thaidhg.
Do bhí Tadhg ag feitheamh leis ann. Do bhí an mart gearrtha ag Tadhg agus do chuir sé leath na feola ar an dtrucail agus duairt sé leis an ngarsún bheith ag bogadh leis abhaile. Nuair a tháinig an garsún aduaidh agus an fheoil aige do thug a mháistir fé ndeara gur choimeád an deartháir an croí, an t-ae, an t-eireaball, agus nithe eile do féin agus nár thug(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Ríordáin
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- Na Curraithe, Co. Cork