School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Location:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
Teacher:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 116

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 116

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Page 116
  3. XML “Béaloideas - Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí cailín bocht ag cur a slí dhi oíche dhorcha. Ní raibh bróg ná stoca ar chois léi agus bhí an drochbhóthar ag gabháil go cnámh trína bonnaibh clogaithe. Ní raibh tigh ná treabh i gcomhair na hoíche aici agus bhí sí chomh tuirseach ó shiúl an lae gur chaith sí í féin i lúib an bhothair chun fanúint ann go maidean. Chonaic ár Slánaitheoir í agus duairt Sé léi éirí agus dul fé dhéin tí torraimh ná raibh i bhfad uaithi agus go bhfaigheadh sí lóistín na hoíche ann go maidean pé scéal é.
    D’eirigh sí agus chuaigh sí fé dhéin an tí go bhfeaca sí soilse ar lasadh agus ligeadh isteach í. Ní túisce a bhí sí istigh ná a tugadh a dóthain bídh di. Ansan dúradh léi na hárthaí a ní agus do dhein agus ba mhaith chuige í. D’iarr an fear uirthi fanúint i bhfeighil an tí lá na sochraide agus d’fhan.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Shuibhne
    Gender
    Female
    Age
    11
    Address
    An Tuairín Dubh, Co. Cork