School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Location:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
Teacher:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 096

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 096

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Page 096
  3. XML “Béaloideas - Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí rí sa domhan toir uair go raibh seanghalar air agus níor fhéad liaigh ná luibh aon leigheas a dhéanamh do. Fé dheireadh glaodh ar na hard-dhochtúirí chuige agus bé a dheineadar súd amach ná gur ae-ghalar a bhí air agus gurab é a leigheasfadh é sin mar ghalar ná máilín an domlais a bhaint as ae gharsúin seanachríonna agus é a chur isteach in inead a chinn féin air.
    Cuireadh gairm scoile amach ar lorg gharsúin dá leithéid agus fé cheann aimsire d’aimsíodh mac aodhaire a bhí oiriúnach don ghnó ar gach saghas cuma.
    Thug an rí ordú uaidh ansan go gcaithfeadh athair agus máthair an gharsúin teacht ina láthair. Do thánadar, agus mheall an rí an mac uathu le tabharthaistí móra troma. Do léigh breitheamh an rí barántas á rá gur cheart agus gur chóir mac an aodhaire a chur chun báis chun go ndéanfadh sé a shláinte do chasadh ar an rí.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Peigí Ní Sheitheacháin
    Gender
    Female
    Age
    13
    Address
    Cathair na Cáithe, Co. Cork