Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)
- Suíomh:
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)breóidhte é 'na dhiaidh san agus ní raibh acht ná fuair sé bás.Bhí fear ag teacht abhaile o Chorcaighe uair Bhí sé tuirseach agus chuaidh sé ar marcaidheact ar chapall a bhuail sa bhothair roimis. Deireadh sé leit an gcapall ar feadh na slighe, 'mo chroidhe mo chapaillín tabhairfead inead maith dhuit-se nuair a ragham abhaile". Nuair a shroiseadar an baile do chómhlíon an fear a gheallúint. Chuir sé an capall isteach i bpáircín deas san áit go raibh a dhóithin le n-ithe aige. Ar maidin amáireach nuair a chuaidh an fear fé dhéin an chapaill ní raibh capall ná a rian sa pháirc ná aon tuairsig uirthi acht cómh beag.
- Bailitheoir
- Síghle Ní Chruadhlaoich
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Liathchoill, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ua Chruadhlaoich
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 46
- Seoladh
- Liathchoill, Co. Chorcaí