Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)

Suíomh:
Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0279, Leathanach 397

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0279, Leathanach 397

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire an Chairn
  2. XML Leathanach 397
  3. XML “Scéalta Crábhaidh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí bean in a cómhnuidhe i GCrútha fadó. Do bhí tigín beag aice agus sé an ainm a tugtaí uirthi ná Cáitín na Paidireacha. Nuair a bhíodh sí ag obair do bhíodh sí i gcómhnuidhe ag guidhe chun dé. Bean ana ghrástúil agus naomhtacht do b'ead í. Do théigheadh sí chun Aifrionn gach Domhnach sa mbliadhan. Nuair a bhíodh sí ag dul ann do thabharfad sí buidéal leí agus tar-éis an Aifrionn do lionadh sí an buideál de h-uisce coisireacha agus nuair a théigheadh sí amach as an t-Séipéil do théigheadh sí go dtí na h-uaiga agus do chaitheadh sí an t-uisce coisireaca ann. Do théigheadh sí abhaile annsan agus do chaitheadh sí ar na garraidhe agus i gcró na mbó é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. aimsir na bpéindlíthe (~4,335)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Síghle Ní Shúileabháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Tuairín na Gréine, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Cáit Ní Shúileabháin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    51
    Seoladh
    Tuairín na Gréine, Co. Chorcaí