Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)
- Suíomh:
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do chualas scéal mar gheall ar bhó a bhí ag mo sheana athair fadó. Aon lá amháin do thug sé bo go h-aonach Neidín chun í dhíol agus níor dhíol sé ann í. Do thug sé abhaile í arís. An lá in a dhiaidh sin do thug sé go h-aonach Baile Chaisleán í agus do dhíol sé annsan í le fear ó Chiarraighe. Bhí an fear san in a chómhnuidhe timpeall triochadh míle ar an dtaobh thuaidh de Neidín agus do thug sé an bhó abhaile leis. Trí mí in a dhiaidh san do chualadar bó amuich a buirtheach ag an ndoras, ar maidin go moch. Ach cad a bheadh ann ach an bhó céadhna taréis teacht abhaile gach coiscéim ó gCiarraighe arís i dhiaidh blian arís, do tháinig an bhó abhaile agus triúr colpa in aoneacht leí. Bó na chiallmhar do b'eadh í sin.
- Bailitheoir
- Síghle Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Ua Súileabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 46
- Seoladh
- Tuairín na Gréine, Co. Chorcaí