Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)

Suíomh:
Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0279, Leathanach 481

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0279, Leathanach 481

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire an Chairn
  2. XML Leathanach 481
  3. XML “Neamhshaolta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fadó do bhí bean ag teacht ón siopa taréis bheith ag ceannach rudaí. Nuair a bhí sí ag teacht do bhí sé cuibhseach dhéanac san oidhche agus nuair a tháinig sí chómh fada le bathanach inaice le leaca bhán, do chualaidh sí an screadaig ar nós craínn agus do chuimhnig sí gur chonnaich sí é. Tháinig scannradh uirte agus nuair a chuaidh sí abhaile, D'innis sí an scéal go leir dá fear agus níor chuaidh sí an bhóthar san ó shin amach.
    Do chualaidh gach aoinne an cráinn sin agus deirtear nár connaic aoinne é ach an bhean sin. Cráinn neamh shaogalta do b'eadh an cráinn sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Síghle Ní Shúileabháin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Cáit Ní Shúileabháin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    51
    Seoladh
    Tuairín na Gréine, Co. Chorcaí