Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)
- Suíomh:
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire an Chairn
- XML Leathanach 326
- XML “Paidreacha”
- XML “Paidreacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agam cé'n tam nó cé'n áit acht ma fhaghaim bás i bpeaca marbhfadh táim caillthe go deó. A Íosa dein trócaire orm.
- Seo paidir a deirtear ag dul a chodhladh san oidhche.
Críost an Athair ar an leabaidh go luighimíd
braon dá ghrást ar lár a chroidhe 'ghainn,
solus na bhflathas go dtagadh 'nár dtímpeall
tóg an ceó agus smúd na bpeacaí 'ghainn. Seo paidir a deirtear a [?] na caorach.
A Mhuire is a Mhaighdean iaraim ort le paidir féachaint ar m'anam gan é leigint chun fáin, A Íosa Mhic Mhuire saor sinn ó ifreann is ná leig sa chaoire ghéar sinn go brách.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Loingsigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tuairín na Gréine, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Loingsigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 67
- Seoladh
- Tuairín na Gréine, Co. Chorcaí