Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)
- Suíomh:
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire an Chairn
- XML Leathanach 281
- XML “Filí an Bhaile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí cúpla filí mórthímpeall na h-áite seo fadó agus ceann aca a b'eadh Séamas Liath. Bhí sé 'na chómhnuidhe i mBailenacila i gClann Labhráis. Bhí triúr mac agus ingheain aige agus núair a bhíodhar ana óg do chaileadh a máthair. Bhí tigín beag agus blúire tailimh aige. D'fhan sé mar a bhí aige go dtí gur eirig a chlann súas. Chómh lúath is bhíodhar ábalta, chuadar go dtí Aimirce agus d'fhágadar in aonar é. Ba gearr 'na dhiaidh gur thug sé súas an bluire tailimh agus tháinig sé go Tuírín-na-Gréine. Bhí dreifiúr dó pósta ann agus thug sí tigín dó. Chuaidh sé ag obair ar bád gainimh agus lean sé air go dtí gur eirig sé aosta. Dhein sé amhraín des na bádaibh gainídhe. Bhí fear eile 'na chómhnuidhe i Loch Dhá Bhall gur a b'ainm dó Dómhal Ó Súileabháin agus gach amhráin do dheineadh Dómhal deineadh Seámas ceann a d'iarraidh a bheith cómh maith leis, gach duine ag moladh a bhád feín. Núair eirig Seámas aosta thug sé súas an gainimh agus bhí sé ag obair ar bhóthar ar deich pinghine sa ló. Ní raibh aon(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Cáit Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Súilleabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí