Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)
- Suíomh:
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire an Chairn
- XML Leathanach 328
- XML “Seanfhocail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Giolla dall, moll, mí thapaidh, capall bán droch shásta gan íarann, sluasad manntach, leath cheann phíce, úmacha briste agus bruscurnáil aóilig. Ba dheacair le sin puinn oibre a dhéanamh[?]Bím a' cuimhneamh is ag machtnamh i Meitheamh na síad go mairfidh an t-anam chómh fada le Dia agus ná bhfuil ins an tsaoghal seo acht tréimhse míámhuir ní'l a thúirisg ag éinne acht ó indhé go dtí amáireach. Cailín tíghe mhóir ná pós-se an fhaid a mhairtir í mar bíonn an greim ró mhór agus an slogadh ró fhada aici, bíonn buille ar an ghadhar agus nuair a ólann sí an t-úachtar bíonn ruaidh ar an gcat aici.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Siobhán Ní hÚrdail
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Siobhán Ní hÚrdail
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 45
- Seoladh
- Tuairín na Gréine, Co. Chorcaí