School: Doire an Chairn (roll number 12976)
- Location:
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
- Teacher: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire an Chairn
- XML Page 458
- XML “Tithe na Seanaimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tighthe cínn tuighe a bhíodh tímcheall na h-áite seo fadó. Do gheibhtí an díon sa chnoc agus na spars sa choill.
Deintí na tighthe seo cois falla nó chnocán nó in áit éigint fothaineamhail.
Bhíodh leabaidh na sean daoine cois na teine sa chistin agus suidheacán ar a aghaidh amach ar an dtaobh eile. Bhíodh bloc mór ar an úrlár ar faidh na leapthan cois na teine chun suidhe air Is minic a bhíodh re leabaidh ar lochta na sean tighthe do pháistí. Ní bhíodh acht siminé amháin ins gach tig agus bhíodh san i bpinntúr éigint de. Ní bhíodh ach dorus amháin ins gach tig acu. Dá mbheadh dhá dhorus i dtig dúntí ceann acu le clocha agus mairtaol. Bhíodh dóirse maithe ins na tighthe acu ach ní bhíodh acht scairt ar cró na mbó. Bhíodh dhá fhuinneóg gloile i bfurmhór na sean tighthe(continues on next page)- Collector
- Síghle Ní Chruadhlaoich
- Gender
- Female
- Address
- Liathchoill, Co. Chorcaí
- Informant
- Mícheál Ua Cruadhlaoich
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 46
- Address
- Liathchoill, Co. Chorcaí