School: Doire an Chairn (roll number 12976)
- Location:
- Derreenacarrin, Co. Cork
- Teacher: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí sé ana chruaidh ar na daoine fadó nuair ná raibh gabha aca acht anois is arís. Na fir a bhíonn ag foghluim an obair sin caithfidh siad bheith trí bliadhna ag foghluim agus caithfidh siad púnt sa mhí a thabairt mar phágh dhóibh. Bhí buachaill tímcheall Corcaighe ag fás suas agus ba mhaith leis bheith in a gabha acht bhí sé ró bhocht agus ní féidir leis púnt sa mhí a dhíol in aonchar. Gabha ab eadh a sheana athair agus foghluim an buachaill an gaibhneacht uaidh agus dubhairt sé le na daoine gur féidir leis gaibhneacht a dhéanamh. Bhí ana áthas ar na daoine go léir agus do leath an scéal ar fuaid an pharóiste agus nuair a bhí fhios san ag na gárdaí do cuireadh isteach i bpríosún é. Nuair a tháinig sé amach do chuaidh sé ag foghluim agus do leigeadar isteach é i gcóir deich sgilling sa mhí mar bhí sé bocht agus nuair a bhí sé 'na gabha ní fada go raibh sé 'na fhear saidhbhir
- Collector
- Siobhán Ní Loingsigh
- Gender
- Female
- Address
- Tooreennagrena, Co. Cork
- Informant
- Seán Ó Loingsigh
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 71
- Address
- Tooreennagrena, Co. Cork