Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)
- Suíomh:
- Derreenacarrin, Co. Cork
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Deineadh bóthar Doireancharn tímpeall caogadh bliadhain ó shin. Tá sé ag fágint an bóthar poblíachta agus ag dul síos go dtí an fhairrge. Bhí ceithre fichead fear agus seachtar ban ag obair air. Bhíodar ag teacht ó Gleanngarbh agus ó gach áit sa pharóiste.B'é an págh a bhí ag na fir ná seacht sgiling sa t-seachtmhain agus coróínn págh na mban. B'é an obair a bhí ag na mná dhá dhéanamh ná ag tarach fraoch chun é chur ins na ciseacha. B'iad fir Doireancharn 'na Máistirí agus gealaim-se dhuit gurab iad súid na Máistirí crúaidh. Bhóthar ana úsáideach iseadh é mar téigheann glúaisteáin daoine uaisle síos go dtí an fhairrge gach samhradh agus fánann siad síos cúpla lá id dtig Canvas. Bhí mná ón mbaile seo agus ó Túirín-na-Greine ag obair sa bhóthar. Shuidh bean aca ré cnocán lá agus bhí sí ag cniotáíl stoca núair a tháínig an Máístir ós a cionn agus do bhagair sé urithe go bhfaigheadh sí an bóthar abhaile. Is síos i mbun(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Cáit Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Derreenacarrin, Co. Cork
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Súilleabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Derreenacarrin, Co. Cork