Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)
- Suíomh:
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire an Chairn
- XML Leathanach 267
- XML “Cluichí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus seo mar deireadh sé,
"Mise Seáinín géar glas
"Ó cnoc na cóla duibhe andheas
"Atá ag díol gach aon bonnlá ar phingin a bhonnlá
Deireadh an té a bhí pinghin, "Mise arú"
"Thusa arú" Thugais d'eitheath, lé eile
Fear dha pinghin a bhonnlá,
Ceann eile iseadh "Ceann a Stáca.
Dúnaidís a dhorn agus cuiridís anáirde ar a chéile íad go dtí go mbeadh stáca mór déanta aca. D'íaradh an duine go mbíodh a dhorn ar an dtalam "Cad tá anáirde" agus d'íaradh an dorn a bhíodh i mbarra "Ceann na Stáca. leig ar lár é go dtí amáireach" agus mar sin de go dtí go d'tagadh síad go dtí an dhá dhorn i mbun. Cuireadh duine aca san a mhéir síos tríd a dhorn agus d'iróchadh sé "Cé tá síos? Arán is ím.
Cá bhfuil mo chuidse?" D'ith an luch é
Cá bhfuil an luch? "Tá sé fé'n soph.
Cá bhfuil an sop? "Dóigh sa teine é
Cá bhfuil an teine? "Múc an t-uisce é(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí