Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)
- Suíomh:
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maoldhomnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fearainn an Choirce
- XML Leathanach 186
- XML “Áitainmneacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)idir Inis Meadhon agus Árainn, mar bádhadh fear ann darbh' ainm Gríothóir.
Ta poll i mbungabhla a dtugann siad Poll Sceoltair agus bhíodh daoine ag dul i bhfolach ann in aimsir na nDubhchrónach, agus tá poll eile i gCreig-an-Céirín ar an dtugtar Poll an Chlóchair Mhóir. Tá scailp i gCillmhuirbhigh ar a dtugtar Scailp a'Phúca agus deiridís go mbíodh taidhbhsí ina gcómhnuidhe ann. Tá poll in Gort na gCapall ar a dtugtar Poll na bPéise, agus bítear ag iascach ann. Tá poll i bhfearann an Choirce ar a dtugtar Poll Uí Éilidhe (fuaimighthear mar Poll Aoiligh é igcaint na ndaoine in Árainn) mar bhíodh fear darbh' ainm ó hÉilidhe ag iascach ann. Tá scailp ann freisin ar a dtugtar An Scailp Fhada. Tá Seimiléar Fear na Tobacaighe i gCillmhuirbhigh.- Bailitheoir
- Mícheál Ó hIarnáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Mhuirbhigh, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás Uá Conghaile
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Mhuirbhigh, Co. na Gaillimhe