Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)

Suíomh:
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maoldhomnaigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Fearainn an Choirce | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 172

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Sé an t-am de'n bhliadhain is mó a bpósann daoine in-Árainn roimh an gCargas is indhiadh an Chasghas. Dias na míosaí atá mí-rathmhas chun pósta. Meadhon fhógmhair agus Deire Fóghmhair, agus siad na laethanta atá mí-rathmhas Diardaoin, Dia Aoine agus Dia Sathairn. Seo gnás atá aca: dá mbeadh bean siar le dul soir pósfadh sí Dia Luain, agus dá mbeadh bean thoir le du; siar pósfadh sé Dia Máirth, agus Dia Céadaoin an lá is fearr ba chuma cá rugabhadh siad. Seachtmhain roimh an bpósadh téigheann an fear go stí teach na mná dhá h-éileamh féin. Tugtar airgead stoc agus talamh ammantaí mar spré. Bíonn bainfheus acu idéigh na mná ar feadh na h-oídhche go stí an dó dhéag lá'r na bhárach, agus annsin téidheann siad go stí an séipéal, agus póstear iad. Tagann siad ar ais go dtí tigh an fhir annsin, agus bíonn bainfheis aca go dtí lár na bhárach. Bhíodh pisreóg aca ag fágáil an t-séipéil dóibh. Bíodh muinntir an fhir ag iarraidh an fear a choinneail istigh, agus muinntir na mná ag iarraidh an bhean a choinneail istigh; mar déaraidís an duine a ghabhadh amach idtosach gurbh é is túisce a gheobhadh bás. Tá an gnás seo caillte anois. Bhíodh pisreóg eile acu: an cailín a bhíodh ag

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máire Ní Fhlaithbhearta
Inscne
baineann
Seoladh
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Pádhraig Ó Flaithbhearta
Inscne
fireann
Seoladh
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge