Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)
- Suíomh:
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maoldhomnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fearainn an Choirce
- XML Leathanach 171
- XML “Seancheirdeanna”
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)[-]
- Is roimh an gCarghas is mó a bpósann na daoine i-n-Árainn. Sí an mhí is mí-rathamhla Iúl, agus is corr-dhuine a phósann ar feadh na míosa sin. 'Siad na laethanta is mí-rathamhala ná Dia h-Aoine agus Dia Sathairn. Tugas airgead agus stoc mar spré. Bhíodh bainfheis aca fadó mar a bhíonn anois. Is éadach gorm is gnáthach leis an mnaoi a bheith uirthi. Bhíodh na mná ar chúl na bhfear fadó nuair a bhíodh achar fada le dhul aca. Nuair a bhíonns na daoine ag dul ag a bpósadh is amhlaidh a théigheann siad amach an doras ó thuaidh, agus nuair a thagann siad ar ais tar éis a bpósta tagann siad isteach an doras ó dheas. Ní théigheann corr-bhean ag an Aifrionn tar éis a bpósta nó go mbíonn siad mí pósta, agus ní théigheann sí i-dteach a máthair acht an oiread nó go mbíonn sí mí pósta. Nuair a thagann an bhean phósta abhaile buaileann bean dá bhfuil istigh insan teach cáca bácáilce atá i-n-a cheithre cuideannaibh ar a ceann(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Cáit Ní Bhriain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Bean Shéamus Uí Fhátharta
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe