Scoil: Maighros

Suíomh:
Maíros, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Séamus de Brún
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 062

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 062

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Maighros
  2. XML Leathanach 062
  3. XML “Pósaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sé'n t-am de'n bhliadhain is mó a bhíos pósaidhthe ná san Inid. Bíonn go leor daoine ag pósadh ar Mháirt na h-Inide mar ní bhíonn cead aca pósadh sa gCarrghaos. Ní maith le aoinne pósadh Diardaoin ná Dia Sathairn. Tagann Diardaoin amháin uair gach seachtmhadh bliadhain agus níl fhios ag aoinne cé'n Diardaoin é. Má phósannn aoinne ar an Diardaoin sin beidh sé caillte roimh bliadhain. Diardaoin Dearg an t-ainm atá air.
    Seo é an chaoi a ndéantar cleamhnais: Tagann duine isteach agus iarrann sé an inghean ar na tuismightheoirí. Má bhíonn siad sásta tagann an fear agus beirty fhear eile chuig an teach agus bíonn ól aca. Tugann siad ól do mhuinntir an tighe agus déanann siad an cleamhnas agus socruigheann siad an lá a mbeidh an pósadh ann. Tugann na tuismightheoirí spré éicint do'n inghean. Is stoc nó airgead tugtar di de ghnáth ach is minic a thugtar talamh di freisin dá mbeadh an dá theach gar dó. Fadó phósadh an sagart sa teach a mbíodh na faoisdíní ann. Bhíodh an-spóirt ag na daoine nuair a bhíodh pósadh ann sa tsean-aimsir.
    Tá sé ráidhthe nach ceart éadach dearg a chaitheadh nuair a bhíos duine ag pósadh. Is éadach gorm is fearr ar fad. Má bhíonn corp i dTeach an Phobail bíonn an mí-áth ar aoinne a phósas an lá
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighréad Ní Chúláin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Dumhaigh Ithir, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Máirtín Ó Chúláin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Dumhaigh Ithir, Co. na Gaillimhe