School: Maighros
- Location:
- Maíros, Co. Galway
- Teacher: Séamus de Brún
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Maighros
- XML Page 030
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Ní h-é an saghas aráin atá anois againn a bhíodh ag na daoine fadó chor ar bith.”
Is as coirce, eorna, seagal nó cruithneacht dá gcuid féin a ghnídís é.
Bhíodh cor mhuilleann thart ach is 'san mbaile meiltí an chuid ba mhó de. Is le bró a mheilidís an grán. Dhá leac iseadh bró a mbíonn poll i lár gach leic aca. bíonn lámh iarainn thíos 'san bpoll sin agus is leis an lámh a chastaoi an leac uachtair ionnus go meiltí an gráinn. De réir mar a bheadh an chloch uachtair ag casadh bheadh an grán meilte a' teacht amach 'chaon taobh.
Bhíodh cineál aráin eile aca freisin a dhéinidís as fataí ar a dtugtaoi bocstí. Seo é an chaoi a ndeinidís é: Thugadh siad leo slám fataí, nighidís is ghlanaidís iad agus ansin bhainidís na craicne díobh. Sgríobadh siad na fataí ar phíosa stáin a mbíodh puill curtha ann le meanaithe agus d'fháisgidís i bpíosa éadaigh é. Uaireannta ní fháisgidís chor ar bith é ach chuiridís an oiread pluir ann is a thriomóchadh é. As(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Dhonnchadha
- Gender
- Female
- Address
- Leitreach Ard, Co. Galway
- Informant
- Brighid Ní Dhonnchadha
- Gender
- Female
- Address
- Leitreach Ard, Co. Galway